Airteagal 51 GDPR – An t-údarás maoirseachta
1. Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).
2. Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.
3. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.
4. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
Sleachta cuí
Réamhrá 117 – Bunú Údarás Maoirseachta
Réamhrá 118 – Maoirseacht Ar Na Húdaráis Maoirseachta
Réamhrá 119 – Eagrú Ilúdaráis Maoirseachta Bhallstáit
Réamhrá 120 – Gnéithe Na Núdarás Maoirseachta