Baile > CAIBIDIL XI - Forálacha críochnaitheacha > Airteagal 98 GDPR – Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí

Airteagal 98 GDPR – Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí

Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh d’fhonn leasú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, d’fhonn cosaint aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil. Bainfidh an méid sin go háirithe leis na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil arna dhéanamh ag institiúidí, ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais agus le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.


Sleachta cuí

Réamhrá 7 – Tá An Creat Bunaithe Ar Rialú Agus Cinnteacht
Réamhrá 8 – Uchtú Isteach I Ndlí Náisiúnta
Réamhrá 9 – Caighdeáin Éagsúla Cosanta Ag An Treoir 95/46/Ce
Réamhrá 13 – Ag Cur Chun Cinn Gnólachtaí Beaga, Micrea Agus Meánmhéide

Scroll to Top