Agus an sásra comhsheasmhachta á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Bhord tuairim a eisiúint, laistigh de thréimhse shocraithe ama, má chinneann tromlach dá chomhaltaí amhlaidh nó má iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún air déanamh amhlaidh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord cinntí a ghlacadh freisin, atá ceangailteach de réir dlí, i gcás ina bhfuil díospóidí ann idir údaráis mhaoirseachta. Chun na críche sin, ba cheart dó, i bprionsabal trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, cinntí a eisiúint, atá ceangailteach de réir dlí, i gcásanna a shonraítear go soiléir agus ina bhfuil tuairimí contrártha i measc údaráis mhaoirseachta, go háirithe faoi chuimsiú an tsásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir le tuillteanais an cháis, go háirithe an bhfuil sárú ar an Rialachán seo ann nó nach bhfuil.
* Ní hé seo an cur síos/teideal oifigiúil ar an réamhrá anseo.
Cén fáth a bhfuil Aithris 136 tábhachtach do chomhlíonadh GDPR?
Tá Aithris 136 tábhachtach do chomhlíonadh GDPR mar sainíonn sí ról an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí maidir le tuairimí agus cinntí ceangailteacha a eisiúint. Cuidíonn sé seo le díospóidí idir údaráis mhaoirseachta a réiteach agus cinntíonn sé forfheidhmiú comhsheasmhach rialacha GDPR ar fud an AE.