I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críoch staidrimh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin. Ba cheart a chinneadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, ábhar staidrimh, rialú rochtana, sonraíochtaí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch staidrimh agus bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú agus chun rúndacht staidrimh a áirithiú. Ciallaíonn críocha staidrimh aon oibríocht maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil atá riachtanach le haghaidh suirbhéanna staidrimh nó le haghaidh torthaí staidrimh a tháirgeadh. Féadfar na torthaí staidrimh sin a úsáid tuilleadh chun críocha éagsúla, lena n-áirítear críoch taighde eolaíoch. Tugann an chríoch staidrimh le tuiscint nach sonraí pearsanta a bhíonn mar thoradh ar phróiseáil chun críocha staidrimh ach sonraí comhiomlána, agus nach mbaintear úsáid as an toradh sin ná as na sonraí pearsanta chun tacú le bearta nó le cinntí a bhaineann le haon duine nádúrtha ar leith.
* Ní hé seo an cur síos/teideal oifigiúil ar an réamhrá anseo.
Cén fáth a bhfuil Aithris 162 tábhachtach do chomhlíonadh GDPR?
Díríonn Aithris 162 ar úsáid sonraí pearsanta chun críocha staidrimh, agus míníonn sí go gceadaítear próiseáil den sórt sin faoin GDPR ar choinníoll go bhfuil cosaintí iomchuí i bhfeidhm. Soiléiríonn sí go mbíonn torthaí staidrimh comhiomlánaithe de ghnáth agus nach mbíonn siad ceaptha daoine aonair a aithint, rud a laghdaíonn rioscaí príobháideachais. Féadfaidh Ballstáit rialacha sonracha a shainiú maidir le rochtain, modhanna próiseála agus cosaintí chun rúndacht agus comhlíonadh a chinntiú.