Ba cheart an fhaisnéis i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a thabhairt dó nó di tráth bhailiú na sonraí ón ábhar sonraí, nó, i gcás nach bhfaightear na sonraí pearsanta ach ó fhoinse eile, laistigh de thréimhse réasúnta, ag brath ar imthosca an cháis. I gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoir eile go dlisteanach, ba cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta an chéad uair don fhaighteoir. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas an chríoch ar chuici a bailíodh iad, ba cheart don rialaitheoir, sula ndéanfaí an tuilleadh próiseála sin, faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin, agus aon fhaisnéis eile a mbeadh gá léi. Más rud é nach féidir tionscnamh na sonraí pearsanta a chur ar fáil don ábhar sonraí toisc gur úsáideadh foinsí éagsúla, ba cheart faisnéis ghinearálta a chur ar fáil.
* Ní hé seo an cur síos/teideal oifigiúil ar an réamhrá anseo.
Cén fáth a bhfuil Aithris 61 tábhachtach do chomhlíonadh GDPR?
Míníonn Aithris 61 cathain is gá daoine aonair a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar tráth bhailithe na sonraí nó laistigh de thréimhse réasúnta má thagann na sonraí ó fhoinse eile. Éilíonn sí freisin daoine aonair a chur ar an eolas sula roinntear sonraí le tríú páirtithe nó sula n-úsáidtear iad chun críche nua, rud a chinntíonn trédhearcacht ar feadh shaolré na sonraí.